Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Oidhreacht Gheolaíoch Mhaigh Eo


Iniúchadh ar Gheolaíocht Mhaigh Eo 

Rinne Comhairle Contae Mhaigh Eo, ag obair le geolaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI), suirbhéireacht ar láithreáin thábhachtacha oidhreachta geolaíche i Maigh Eo. Cuirfidh an tsuirbhéireacht seo le bunachar sonraí náisiúnta Láithreáin Gheolaíochta Contae GSI. Thacaigh an Chomhairle Oidhreachta, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus Comhairle Contae Mhaigh Eo le Tionscadal Oidhreachta Geolaíche Mhaigh Eo.

Beidh na tuarascálacha iomlána ar fáil ón oifig seo, ónár leabharlanna brainse agus beidh siad ar fáil le híoslódáil anseo go luath.

Tá leaganacha ardghléine de thuarascálacha ar láithreán aonair agus comhaid léarscáilithe dhigitigh ar fáil ag suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann.

Reading the Rocks – Exploring Mayo’s Geological Heritage

Bunaithe ar thorthaí an iniúchta, roghnaíodh roinnt láithreán lena gcur san áireamh i leabhar nua faoi gheolaíocht Mhaigh Eo, atá dírithe ar lucht léitheoireachta ginearálta. 

Tugtar chun solais in Reading the Rocks – Exploring Mayo’s Geological Heritage le Ronan Hennessy agus Martin Feely, leabhar ina bhfuil léaráidí lándaite ó thús go deireadh, roinnt de na láithreáin thábhachtacha Oidhreachta Geolaíche atá i Maigh Eo. D’fhoilsigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an leabhar agus tá sé ar fáil ón oifig seo agus ó shiopaí áitiúla ar chostas €15

Taispeántas Geolaíochta Mhaigh Eo 

Osclófar taispeántas atá bunaithe ar Gheolaíocht Mhaigh Eo in Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh go luath, agus tabharfar ar camchuairt ansin é go hionaid eile timpeall an chontae. Beidh sonraí breise faoi ionaid agus faoi dhátaí ar fáil anseo go luath. 

Léarscáil Ama d’Oidhreacht Gheolaíoch Mhaigh Eo

Tionscadal Geopháirce Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair 

Tá mar chuspóir ag Tionscadal Geopháirce Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair Geopháirc nua Dhomhanda UNESCO a bhunú i limistéar Mhaigh Eo Theas agus Chonamara Thuaidh i nGaillimh.

Tá an éagsúlacht is mó in Éirinn i ngeolaíocht shaibhir Mhaigh Eo Theas agus Chonamara ó thaobh saghsanna cloiche agus insítear ann scéalta faoi bholcáin, faoi fharraigí trópaiceacha agus faoin tír a bheith clúdaithe ag oighearshruthanna. Fiosraigh agus léigh an scéal dochreidte seo trí chuairt a thabhairt ar Thionscadal Geopháirce Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha