Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Reiligiún


Cruach Phádraig

Áit oilithreachta ar feadh na gcéadta blianta atá i sliabh cónúil Chruach Phádraig, atá 765 méadar (2,510 troigh) ar airde os cionn leibhéal na farraige. Ghabh Naomh Pádraig sa 5ú haois ar bhealach ársa chuig an sliabh ar a dtugtar Tóchar Phádraig anois, agus siúlann oilithrigh cuid den bhealach céanna seo go fóill inniu gach bliain, idir Mainistir Bhaile an Tobair agus Cruach Phádraig. Is féidir an bealach oilithrigh a fheiceáil i bhfad amach uaidh.

Is féidir an t-aireagal ar bharr Chruach Phádraig a fheiceáil ar lá soiléir agus cuma air cosúil le síneadh an-bheag leis an sliabh. Titeann oilithreacht bhliantúil an lae inniu go Cruach Phádraig, a rinneadh a athbheochan in 1905, amach ar an Domhnach deireanach in Iúil gach bliain, agus tugtar Domhnach Chruach Phádraig air. Tá a n-oilithreacht féin á déanamh ag daoine le fada an lá ar an Aoine dheireanach in Iúil, ar a dtugtar Aoine na Bláthfhleisce, b’fhéidir de bharr an traidisiúin inar caitheadh bláthfhleasca bláthanna.

Misean Acla

Ba dhuine conspóideach sa 19ú haois an tUrramach Edward Nangle a bhunaigh an Misean Protastúnach in 1831 agus é ina chuspóir an daonra Caitliceach a iompú ina bProtastúnaigh. D’eascair coimhlint as seo le hArd-Easpag Thuama, John MacHale, a chuir go mór in aghaidh ghníomhaíochtaí iompaithe an Urramaigh Nangle. Thug sé cuairt oifigiúil ar Acaill in 1854 agus bhunaigh sé scoil agus mainistir Chaitliceach ag Bun an Churraigh, a bhí á riar ag Ord na bProinsiasach.

Bhunaigh sé scoileanna eile ar an oileán freisin mar fhreagairt do Mhisean soiscéalach Eaglais na hÉireann. Bhí a scoil, a otharlann, a mhuileann agus a chlóphreas féin ag an misean a rinne an Achill Missionary Herald a tháirgeadh. Dúnadh é in 1886, 3 bliana i ndiaidh go bhfuair Nangle bás.

Mainistir Bhaile an Tobair

Tugtar ‘An Mhainistir a chuir in aghaidh an bháis’ inniu uirthi agus tá Mainistir Bhaile an Tobair lonnaithe thart ar 7 míle laisteas de Chaisleán an Bharraigh. Tugtar an t-ainm sin uirthi mar gheall gur ceiliúradh an tAifreann ann go leanúnach ó bunaíodh í sa 13ú haois, in ainneoin go ndearnadh í a mhilleadh go hiomlán, nach mór i gcogaí Chromail. Bhunaigh Cathal Ó Conchúir an mhainistir in 1216 d’Ord na nAgaistíneach ar shuíomh seanmhainistreach agus gabhann roinnt codanna den séipéal siar chuig an tráth seo. Rinneadh athchóiriú páirteach ar an séipéal in 1846 agus arís eile in 1889. Críochnaíodh an t-athchóiriú deiridh idir 1963 agus 1966.

Cnoc Mhuire

Thug cúig dhuine dhéag le fios i Lúnasa 1879 go bhfaca siad taibhse den Mhaighdean Mhuire agus Naomh Seosamh agus Naomh Eoin an Soiscéalaí ina fochair i gcaitheamh tréimhse dhá uair an chloig, ag binn theas a séipéil paróiste sa Chnoc, Séipéal Naomh Eoin Baiste. Dúirt siad go bhfaca siad altóir freisin ag binn an tséipéil ar a raibh cros, uan agus aingil le feiceáil. Scrúdaigh coimisiún speisialta eaglasta na finnéithe in 1879 agus scrúdaigh coimisiún eile na marthanóirí in 1936. Dheimhnigh na coimisiúin seo ‘bhí fianaise na bhfinnéithe, nuair a chuirtear an fhianaise go léir san áireamh, iontaofa agus sásúil’.

Tugann a mhéid le 1 mhilliún oilithreach sa bhliain cuairt anois ar Chnoc Mhuire. Osclaíodh Baisleac Mhuire Mháthair, Banríon na hÉireann, anseo in 1976 agus ba thionscadal é a thosaigh agus a chríochnaigh Monsignor James Horan. Tá spás sa bhaisleac do bhreis agus 12,000 duine. Thug an Pápa Eoin Pól cuairt air in 1979 ag cothrom céad bliain ó chonacthas na taibhsí agus b’oilithreach Máthair Treasa Chalcúta in 1993.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha