Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Eisimirce ó Mhaigh Eo


Thit tréimhsí amach i stair na hÉireann ina ndeachaigh go leor daoine ar eisimirce. Rinne an eisimirce ár ndaonra mar thír a laghdú faoi bhreis agus an leath le himeacht ama.  Ba í Maigh Eo ceann de na contaetha ba mhó a ndearna an eisimirce sa naoú haois déag agus san fhichiú haois an difear ba mhó dó. Tháinig meath ar an daonra idir 1841 agus 1851 anuas ó 388,887 go 274,830 duine agus lean sé á laghdú ó shin i leith. Níor tháinig laghdú ar an meath ach i dtreo dheireadh na fichiú haoise, tráth inar thosaigh an daonra ag dul i méid. Contae faoi rath agus beoga í Maigh Eo inniu, contae ina bhfuil daonra 130,507 duine, ach caomhnaítear a stair chorrach i gcartlanna Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.

Rinneadh na litreacha a sheol eisimircigh Éireannacha abhaile a fhiosrú i dtionscadal a chistigh an AE dar teideal EMILE (Early EMIgrant LEtter) in 2005.  Bhí mar aidhm ag an tionscadal an eisimirce ollmhór go Meiriceá ó 1820 go 1920 a thaispeáint trí eispéiris eisimirceach Eorpach a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile trí na litreacha a sheol siad abhaile. Tá na litreacha seo ina gcuid ríthábhachtach de stair chomhchoiteann na hEorpa agus is féidir leo ré a thabhairt chun solais inar imríodh tionchar mór ar an Eoraip agus ar Mheiriceá.  Bhí idir mhúsaeim agus leabharlanna sa tSualainn, san Iodáil, sa Pholainn agus i bPoblacht na Seice rannpháirteach sa tionscadal agus rinne Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ionadaíocht d’Éirinn.

Is féidir gnéithe éagsúla den eisimirce ó Éirinn agus ó Mhaigh Eo, ach go háirithe, a fhiosrú sna leathanaigh ar thaobh na láime clé.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha