Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Dálaí Sóisialta


Bhí dálaí a bhí cosúil leo siúd a bhí i gceist in aimsir an Ghorta ann in Éirinn arís go déanach sna 1870idí, go háirithe i gConnachta agus i nDún na nGall. Tháinig laghdú mór ar phraghsanna talmhaíochta agus theip ar na barra de bharr drochaimsire. Rinne James H. Tuke cur síos grafach agus é ag scríobh in 1880 ar chomh holc a bhí na dálaí a bhí in go leor áiteanna in iarthar na hÉireann.

“Baintreach agus teaghlach cúigear leanaí; áit chónaithe a tógadh de chloch, ach gan aon earra troscáin seachas an fráma leapa agus cliabhán beag ann. Bhí níos mó solais sa teach seo ná i gcinn eile, agus b’fhéidir go raibh an ganntanas agus an dearóile fiú níos soiléire dá bharr. Ní raibh fiú aon éanlaithe clóis fágtha leis an gcúpla pingin a sholáthar don salann nó don rud fánach eile le hithe leis an liúntas seachtainiúil mine.”

Tuke, James H. Irish distress and its remedies: the Land Question – a visit to Donegal & Connaught in the spring of 1880, Baile Átha Cliath, Hodges Figgis, 1880.

Léiríodh “an Suaitheadh san Iarthar” sna 1880idí in "The Illustrated London News" agus in "The Graphic", inar taispeánadh ina léaráidí cruachás uafásach iad siúd a mhair ar ghabháltais bheaga in Iarthar na hÉireann agus an chaoi gur bhraith siad ar pé bearta faoisimh a bhí ar fáil. Scríobh Tuke arís in 1880:

“Meastar go bhfuil 6,500 duine i ndaonra Oileán Acla, a bhfuil 4,500 díobh ar na liostaí faoisimh, agus liúntas an-bheag mine (dhá chloch) á fháil acu do gach teaghlach."

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha