Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ar ais

An Réabhlóid Fhada: Maigh Eo 1913 go 1923


Ba thráth cinniúnach an tréimhse deich mbliana ó 1913 go 1923 i nua-stair na hÉireann agus mhúnlaigh sé tírdhreach polaitiúil an lae inniu. Thit sraith eachtraí tábhachtacha amach sna blianta seo in Éirinn agus níos faide i gcéin, a d’athraigh cúrsa stair na hÉireann agus a bhunaigh an stát. I measc phríomheachtraí an chéid tá an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Bhí an fheidhm a bhí ag an ngluaiseacht saothair ag an tráth seo ríthábhachtach, agus b’amhlaidh ról ban Éireannach chun cuidiú leis an mbealach a stiúradh sa troid ar son ceart vótála uilíoch. Gnéithe sainiúla na tréimhse seo i stair na tíre iad laochas as cuimse agus fulaingt mhór. Insítear scéal na tréimhse tréimhse cinniúnaí seo i Stair Mhaigh Eo in The Long Revolution: Mayo 1913 to 1923.

Aimsigh níos mó eolais faoi Eachtraí Stairiúla 1913-1923 i gContae Mhaigh Eo anseo.

Tá na taifid seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse á gcoinneáil sa Roinn Staidéir Áitiúil i gCaisleán an Bharraigh:

British in Ireland: Tá cóipeanna micreascannáin i Leabharlann Chontae Mhaigh Eo de thaifid ar fhoras Chaisleán Bhaile Átha Cliath in Éirinn. Cuirtear ábhair bhunúla ar fáil sa bhailiúchán dar teideal British in Ireland ina léirítear láithreacht agus smacht na Breataine in Éirinn go déanach sa 19ú haos agus go luath san 20ú haois.

  • Tuairiscí Míosúla Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus Filleadh an Uafáis, Tuairiscí Míosúla 1892-1897 Ardchigirí agus 1898-1913 Cigirí Contae.
  • Tuairiscí Míosúla 1914-1918 Ardchigirí agus Cigirí Contae, agus Tuairiscí Póilíneachta 1920-1921. 
  • Smacht agus Riarachán Poiblí, 1884-1921. 
  • Imeachtaí Breithiúnacha, Fiosrúcháin agus Taifid Ilghnéitheacha, 1872-1926.
  • Poblachtaigh agus lucht Shinn Féin a bhfuil amhras fúthu, 1899-1921.

Ráitis Finné: Chuir Biúró na Staire Míleata na ráitis le chéile agus tá iontu cuntais phearsanta ar Chogadh na Saoirse faoi mar is cuimhin le roinnt de na ceannairí agus na fir, Michael Kilroy ó Bhaile Uí Fhiacháin, Richard Walsh ó Bhalla, Thomas Hevey ó Bhéal an Átha, Seán Walsh ó Choillte Mach, Edward Moane ó Chathair na Mart, Patrick Hegarty ó Chrois Mhaoilíona, Seán Gibbons ó Chathair na Mart, Patrick Cassidy ó Bhealach an Doirín, John P. Brennan ó Thobar an Choire, Stephen Donnelly ó Bhéal an Átha, Martin Mooney ó Choillte Mach, Patrick Coleman ó Bhéal an Átha, Patrick Lyon ó Béal Átha Bhearaigh, John Timoney ó Chrois Mhaoilíona, Liam J. O’Hora ó Bhéal an Átha, Thomas Howely ó Bhalla, George Heweson ó Bhéal an Átha, P.J. Kelly ó Chathair na Mart, Patrick J. Cannon ó Chaisleán an Bharraigh, Conor Maguire and an Maor Geoffrey Ibberson ina measc.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha