Muintir Mhaigh Eo A-Z
Daoine tábhachtacha stairiúla ó Mhaigh Eo
As Maigh Eo a bhí cion mór de na daoine a ghlac róil thábhachtacha in imeachtaí náisiúnta agus domhanda. Tá na hearraí seo a leanas a bhaineann lenár ndaoine is tábhachtaí ar fáil i gcruachóip sa leabharlann:
- Saothair iomlána agus ábhair ghaolmhara bheathaisnéiseacha agus stairiúla Michael Davitt (1846-1906)
- Saothair liteartha, ábhair ghaolmhara bheathaisnéiseacha agus chriticiúla George Moore (1852-1933)
- Saothair liteartha bhailithe George A. Birmingham (1865-1950).
Chun teacht ar bheathaisnéisí ar na húdair thuasluaite, féach, le do thoil, http://www.askaboutireland.ie/reading-room/history-heritage/big-houses-of-ireland/image-audio-and-video-pil/people/
Tá eolas sa mhír seo dár suíomh gréasáin ar na daoine is suntasaí de bhunaidh Mhaigh Eo. Baintear é ó ábhar tagartha staidéir áitiúil Leabharlann Mhaigh Eo, roinnt eolais san áireamh a baineadh ón leabhar ar deacair teacht air, A Concise Dictionary of Irish Biography, le John S. Crone, M.R.I.A., a foilsíodh in 1928. Tá ailt bhreise ann faoi roinnt daoine stairiúla a baineadh ó nuachtáin agus irisleabhair áitiúla.
Eagraítear liosta mhuintir Mhaigh Eo de réir sloinne - roghnaigh duine is díol spéise, le do thoil:
A-Z DE MHUINTIR MHAIGH EO:
AMBROSE, ELEANOR, Lady Palmer, bean a raibh cáil na háilleachta uirthi; rugadh i mBaile Átha Cliath thart ar an mbliain 1720 í; b’iníon í le Michael Ambrose, grúdaire; chuaigh an Tiarna Chesterfield go mór i gcion uirthi nuair a léigh sé roinnt línte a bhfuil iomrá orthu di sa Chúirt; phós sí Roger Palmer, Feisire Parlaiminte do Mhaigh Eo, 1752, ar bronnadh teideal bairnéid air in 1777; fuair sí bá s i mBaile Átha Cliath in 1818.
ARBUTHNOT, SIR ALEXANDER JOHN, Oifigeach agus údar Indiach; rugadh i gCnoc na Feirme, Contae Mhaigh Eo é in 1822; fuair sé bás i Londain in 1907; cuireadh oideachas air in Rugby agus Haileybury; ba stiúrthóir é ar theagasc poiblí in Madras; ba leas-seansailéir é in Ollscoil Calcutta; ba ghobharnóir gníomhach é in 1872; K.C.S.I., 1873; chuir sé in aghaidh bheartas na hAfganastáine, agus chuaigh sé ar scor in 1889.
ARBUTHNOT, CHARLES, taidhleoir agus polaiteoir; rugadh i gCarraig an Chabhlaigh, Contae Mhaigh Eo é in 1767; bhí sé ina Fheisire Parlaiminte do roinnt buirgí póca; bhí sé ina ambasadóir ag Constaintín in 1804; ghlac sé le hoifigí polaitiúla éagsúla; chónaigh sé le Diúc Wellington agus fuair sé bás ina theach in 1850.
ARBUTHNOT, SIR CHARLES GEORGE, ginearál; rugadh é i gCnoc na Feirme, Maigh Eo in 1824; fuair sé bás i Londain in 1899; cuireadh oideachas air in Rugby agus Woolwich; d’iontráil sé an t Airtléire Ríoga in 1843, d’fhóin sé sa Chrimé, bhí sé ina ardchoimisinéir in Bombay agus Madras; tháinig sé i gcomharbas ar Roberts sa cheannas in Burmah in 1887; G.C.G., 1894.
ARBUTHNOT, SIR ROBERT, leifteanantghinearál; rugadh é i gCarraig an Chabhlaigh, Maigh Eo in 1773; d’iontráil sé an t-arm mar cornet in 1797; d’fhóin sé in go leor tailte; K.C.B., 1815. (“Is beag oifigeach a ghlac páirt sa mhéid sin gníomhartha ginearálta.” - D.N.B.) Fuair sé bás in 1853.
ARBUTHNOT, SIR THOMAS, leifteanantghinearál; rugadh é i gCarraig an Chabhlaigh, Maigh Eo in 1776; ba dheartháir é leis an bhfear thuas, d’iontráil sé an t-arm in 1794; d’fhóin sé in Peninsula, Cape agus na hIndiacha Thiar; K.C.B., 1815; fuair sé bás in 1849.
ARCHDEACON, MATTHEW, úrscéalaí; rugadh é i gCaisleán an Bharraigh thart ar an mbliain 1800, agus bhí acadamh á choinneáil ansin aige; scríobh sé ceithre úrscéal shármhaithe ina léirítear a dhaoine féin, a bhfinscéalta, a scéalta faoin mbliain 1798, a bhreac sé síos ó rannpháirtithe; fuair sé bás in 1853.
ARTHUR, REV. LIAM, misinéir Wesley agus beathaisnéisí; rugadh i mBaile Uí Fhiacháin, Maigh Eo é in 1819; d’oibrigh sé san India agus sa Fhrainc; ba phríomhoide é ar an gColáiste Modhach i mBéal Feirste ó 1868 go 1871; scríobh sé go leor saothair reiligiúnacha agus bheathaisnéiseacha; fuair sé bás in Cannes in 1901.
Baines, Thomas O'Malley (1844–99), Fínín, a rugadh i ngar do Chluain Cearbán, Contae Mhaigh Eo.
BOURKE, AN CANÓIN ULICK, athbheochanóir Gaeilge; rugadh i gContae na Gaillimhe é in 1829; cuireadh oideachas air i gColáiste Iarfhlatha agus i Maigh Nuad; d’fhoilsigh sé College Irish Grammar in 1856; b’ollamh le Gaeilge é i gColáiste Iarfhlatha; bhí cló speisialta de chlótheilgean aige a d’úsáid sé in Tuam News agus Celtic Educator; M.R.I.A., 1871; Sagart Paróiste i gClár Chlainne Mhuiris in 1878; scríobh sé Pre-Christian Ireland; fuair sé bás in 1887. (“Ba bheag duine eile a d’fhéadfadh níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge faoina dhálaí agus faoi dhálaí a linne.” – A. Griffith.)
BOURKE, SIR THEOBALD, AN BÍOCÚNTA, mac le Gráinne Ní Mháille; rugadh ar muir é in 1575; tugadh Tíobóid na Long air dá bharr, throid sé ag Cionn tSáile, agus rinneadh ridire de; Feisire Parlaiminte, Contae Mhaigh Eo, 1613; rinneadh tiarna de in 1626; fuair sé bás in 1629; cuireadh é i mBaile an Tobair.
Brennan, Louis (1852–1932), innealtóir as Caisleán an Bharraigh agus an fear a thug an toirpéad instiúrtha, an córas aonráille agus go leor rudaí eile ar an saol.
BROWN, WILLIAM, Aimiréal Airgintíneach; rugadh i mBéal Easa, Maigh Eo é in 1777; fuair sé bás in Buenos Ayres in 1857; fuair sé arduithe céime aníos ó ghiolla cábáin; chuir sé faoi in Buenos Ayres in 1812; ghlac sé le ceannas ar an gcabhlach in 1814; agus fuair sé an bua ar dhá scuadrún Spáinneacha; bhuail sé cabhlach na Brasaíle go dona in 1826-7; rinne sé bacainn a chur ar Monte Video sa chogadh cathartha in 1842-45, thug sé neamhaird ar orduithe ceannasóra Shasanaigh.
BROWN, PATRICK, nádúraí; rugadh é i gCoill an Stócaigh, Maigh Eo in 1720; fuair sé bás i bhFaiche an Teampaill, Maigh Eo in 1790; bhí sé ina Dhochtúir Leighis in Leyden; ba chara é le Linnaeus; rinne sé go leor taistil, rinne sé staidéar ar an ngeolaíocht agus an luibheolaíocht; d’fhoilsigh sé History of Jamaica in 1756; chónaigh sé sa bhaile ó 1774 agus d’fhoilsigh sé “catalóga” d’éin, éisc dhúchasacha etc., tá Fasciculus Plantorum Hiberniae a d’fhoilsigh sé i Laidin, Béarla agus Gaeilge in 1788 suntasach.
CEALLACH, NAOMH, Easpag Chill Ala; bhí an rath air sa séú haois; ba é an mac ba shine le hEógan Bél, Rí Chonnacht; ba mhanach é ag Cluain Mhic Nóis; tháinig sé i gcomharbas ar a athair, ach chuir Naomh Ciarán mallacht air agus thug sé suas an choróin agus d’fhill sé ar an mainistir; dúnmharaíodh é ar ordú Rí Ghuaire. Lá Féile, an 1 Bealtaine.
NAOMH COLMÁN, easpag Lindisfarne; rugadh é i gContae Mhaigh Eo; rinne sé staidéar in Oileán Í; rinneadh é a choisreacan ina Easpag ar Lindisfarne in 661; fuarthas an ceann is fearr air ag Sionad Whitbby in 664 maidir le ceist dháta na Cásca; d’fhill sé ar Éirinn, chuir sé faoi in Inis Bó Finne, áit a bhfuair sé bás in 676; tá fothraigh a shéipéil i mbaile fearainn an Chnoic, is é a Lá Féile an 8 Lúnasa.
COMON, CORMAC, “Cormac Dall”, bard agus scéalaí; rugadh é i gCoill an Stócaigh, Maigh Eo in 1703; fuair sé bás i nGaillimh thart ar an mbliain 1786; bhí sé dall de bharr bolgaí; bronnadh glór binn agus cluas ghéar air, bhain sé slí mhaireachtála amach ag fánaíocht timpeall na tíre agus canadh agus ag insint scéalta; chum sé roinnt amhrán agus caointe.
Condon, Richard (1937–91), bainisteoir amharclainne a rugadh an 27 Iúil 1937 i mBéal Feirste, agus a d’fhreastail ar Choláiste Gearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.
Daly, James (1836?–1911), eagarthóir nuachtáin, feirmeoir, agus polaiteoir áitiúil.
DAVITT, MICHAEL, polaiteoir agus údar; rugadh é sa tSráid i Maigh Eo in 1846; díshealbhaíodh é agus tógadh aníos in Lancashire é; baineadh lámh de i monarcha; ba rúnaí eagraithe é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann in 1868; gearradh pianseirbhís 15 bliana air i ngeall ar an mbaint a bhí aige sa ghluaiseacht agus chaith sé naoi mbliana di; ba bhunaitheoir é ar Chonradh na Talún in 1879; Feisire Parlaiminte, Contae na Mí in 1882; an Mhí Thuaidh in 1892, Maigh Eo Theas in 1895-9; bhunaigh sé Labour World i Londain in 1890; bhunaigh sé Léig na nÉireannach Aontaithe in 1898; i measc na saothar a d’fhoilsigh sé tá The Defence of the Land League (óráid os comhair Choimisiún Parnell), 1891; Leaves from a Prison Diary, 1884; Boer Fight for Freedom; Fall of Fuedalism in Ireland, 1904; fuair sé bás i mBaile Átha Cliath in 1906, (Lives le D. B. Cashman, agus F. Sheehy-Skeffington 1908.)
Derrig, Thomas (Tomás Ó Deirg) (1897–1956), réabhlóidí, múinteoir, agus polaiteoir, a rugadh an 26 Samhain 1897 i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo.
DILLON, JOHN, polaiteoir, mac le polaiteoir ar tháinig sé i gcomharbas air; rugadh é sa Charraig Dhubh in 1851; cuireadh oideachas air in Ollscoil Chaitliceach na hÉireann, Baile Átha Cliath: L.R.C.S.I.; chuaigh sé go Meiriceá i dteannta le Parnell in 1879; Feisire Parlaiminte, Tiobraid Árann, 1880-83; ba dhuine de na trasnóirí é i dTriail an Stáit in 1881; Feisire Parlaiminte, Maigh Eo Thoir, 1885-1918; cuireadh chun príosúin é roinnt uaireanta faoi na hAchtanna Comhéigin; bhunaigh sé “Plean an Fheachtais” le William O’Brien; d’fhág sé Parnell ag “Split” in 1890; tháinig sé i gcomharbas ar Justin McCarthy mar cheannaire ar an bpáirtí Frith-Pharnellíteach; agus ar John Redmond mar cheannaire ar Pháirtí na Náisiúnaithe in 1918; fuair sé bás i Londain in 1927.
DILLON, JOHN BLAKE, polaiteoir; rugadh é i mBealach an Doirín, Contae Mhaigh Eo in 1816; fuair sé bás i gCill Airne in 1866; cuireadh oideachas air i Maigh Nuad, T.C.D., B.A., 1841; bhí sé ina bhall de Chumann an Bharra in 1841; b’Uachtarán é ar an gCumann Staire in 1841; ba bhall de pháirtí Éire Óg, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí The Nation; ba cheannaire é ar éirí amach ’48; theith sé chun na Fraince, agus uaidh sin go Meiriceá; d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath in 1855; ba chomhbhunaitheoir é ar an gCumann Náisiúnta in 1865; Feisire Parlaiminte i dTiobraid Árann in 1865.
DUFFY, EDWARD, Fínín; rugadh é i mBealach an Doirín in 1840; ghlac sé le ballraíocht den I.R.B. in 1863, agus ba é “brí agus anam na gluaiseachta laistiar den tSionainn” – McCarthy; gabhadh é le Stephens in 1865, agus cuireadh chun príosúin é; athghabhadh é in 1867; fuair sé bás i bPríosún Millbank, Londain in 1868; bhí grá ag Ellen O’Leary dó a scríobh dán truamhéalach faoi.
FITZGERALD, GEORGE ROBERT, comhraiceoir aonair, “Gearaltach trodach”; rugadh é i dTurlach, Contae Mhaigh Eo thart ar an mbliain 1748; cuireadh oideachas air ag Eton; ba nia é le Hervey, Iarla-Easpag Dhoire; ghlac sé ceannas ar chomplacht óglach; ba shaor de chuid Dhoire é in 1784; desperado fiáin é; mharaigh sé aturnae, agus crochadh é ag Caisleán an Bharraigh, 1786.
FLANNERY, THOMAS, scoláire Éireannach; rugadh é i gContae Mhaigh Eo in 1840; ba dhuine de na hathbheochanóirí Gaeilge ab fhearr, mhúin sé an teanga ar feadh beagnach daichead bliain; d’fhoilsigh sé For the Tongue of the Gael, 1896, agus Dunaire na Macoine, 1911; agus chuir sé eagar ar roinnt téacsanna Gaeilge, agus rinne sé aistriúchán méadrach ar The Lay of Oisín; fuair sé bás i Londain in 1916.
GILDEA, SIR JAMES, daonchara; rugadh é i gCill Mheáin, Contae Mhaigh Eo in 1838; cuireadh oideachas air in Cambridge; d’fhóin sé leis na hotharcharranna sa Chogadh Franc-Phrúiseach in 1870-1; thiomsaigh sé suimeanna móra do bhaintreacha agus dílleachtaí saighdiúirí a maraíodh i gcogaí éagsúla, agus d’áiteanna cónaithe do bhaintreacha agus iníonacha oifigeach; ba dhuine de bhunaitheoirí Chumann Otharcharranna Naomh Eoin; b’almsóir é le hOrd Naomh Eoin Iarúsailéim; C.B., 1898; K.C.V.O., 1908; fuair sé bás in 1920.
GRAY, SIR JOHN, iriseoir agus poiblitheoir; rugadh é i gClár Chlainne Mhuiris in 1816; cuireadh oideachas air i nGlaschú, Dochtúir Leighis in 1839; eagarthóir agus dílseánach páirteach leis an Freeman’s Journal, 1841; dílseánach aonair in 1850; cuireadh triail air agus gearradh pianbhreith air le Ó Conaill i dtrialacha an stáit in 1844; a bhuíochas dó a bhí soláthar fónta uisce Bhaile Átha Cliath nuair a bhí sé ina chomhairleoir baile; rinneadh ridire de in 1863; agus ghrean sé “Vartry” ar an armas a bronnadh air; sheas sé trí huaire do Chill Chainnigh; fuair sé bás in Bath in 1875.
HARDIMAN, JAMES, staraí; rugadh é i gConnachta in 1782; rinne sé staidéar ar an dlí i mBaile Átha Cliath; ceapadh é ina fhochoimisinéir ar thaifid phoiblí; M.R.I.A., d’fhoilsigh sé History of Galway, 1820; ba chainteoir dúchais é, d’eisigh sé Irish Minstrelsy, le haistriúcháin, 2 imleabhar, in 1831; The Statute of Kilkenny, 1843; rinne sé eagarthóireacht ar Iar Connaught le Ó Flaithearta don I.A.S. in 1846; leabharlannaí i gColáiste na Banríona, Gaillimh; fuair sé bás i nGaillimh in 1855.
HAVERTY, MARTIN, staraí; rugadh é i gContae Mhaigh Eo in 1809; ba leathdheartháir é leis an bhfear thuas; cuireadh oideachas air i gColáiste na hÉireann, Páras; rinneadh foleabharlannaí de in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath; scríobh sé Wanderings in Spain, 1844, agus History of Ireland, 1860, a cuireadh i gcló athuair go minic; fuair sé bás i mBaile Átha Cliath in 1887.
HENRY, SIR EDWARD RICHARD, coimisinéir póilíní; rugadh é i gContae Mhaigh Eo in 1850; cuireadh oideachas air in Ware agus i gColáiste na hOllscoile, Londain, d’iontráil sé Státseirbhís na hIndia in 1873; chuaigh sé ar scor in 1901, ceapadh é ina chúntóir, agus ina choimisinéir ar na Póilíní i Londain in 1903; thug sé córas aitheantais méarlorg isteach; bhí air déileáil le go leor uafáis agus stailceanna; caitheadh piléar leis in 1912; bhí stailc ar a ndeachaigh na póilíní i Lúnasa 1918 mar chúis lena scor nuair a rinneadh bairnéad de; fuair sé bás in Ascot in 1931.
Kenney, James Christopher Fitzgerald, (1878–1956), polaiteoir agus dlíodóir, rugadh é an 30 Aibreán, 1878, sa Bhaile Glas, Contae Mhaigh Eo.
KILMAINE, CHAS. EDWARD JENNINGS, saighdiúir; rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1744; d’iontráil sé arm na Fraince nuair a bhí sé 15, ghlac sé leis an ainm “Kilmaine” ó áit chónaithe a shinsear i Maigh Eo; tugadh arduithe céime dó gan mhoill; d’fhóin sé don Rí, don phoblacht agus do Napoléon, ar thrasnaigh sé na hAlpa leis, agus bhain siad na buanna amach san Iodáil le chéile; bhí sé ina ardghinearál san Eilvéis in 1798; d’éirigh sé as de bharr drochshláinte; fuair sé bás i bPáras in 1799.
King, Richard (1907–74), ealaíontóir gloine daite agus maisitheoir, rugadh an 7 Iúil 1907 é i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.
LUCAN BINGHAM GEORGE CHARLES, 3ú hIarla Leamhcáin; saighdiúir; rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1800; d’iontráil sé an t-arm in 1816; coirnéal, 1826; Feisire Parlaiminte i Maigh Eo in 1826-30; thángthas i gcomharbas air in 1839; ghlac sé ceannas ar an rannóg marcraí sa Tuirc in 1854; rinne sé ionsaí na briogáide troime ag Balaclava a stiúradh, agus bhí sé sa bhriogáid éadrom nó go ndeachaigh sé ar scor; gortaíodh i gcomhrac é; cáineadh é agus athghaireadh air in 1855; ginearál in 1865; marascal machaire in 1887; fuair sé bás in 1888.
TIARNA LUCAN
Nasc le:
LYNCH, HENRY BLOSSE, taiscéalaí; rugadh é i bPartraí, Contae Mhaigh Eo in 1807; d’iontráil sé an cabhlach in 1823; ateangaire leis an scuadrún in 1829; thrasnaigh sé an Fásach Núibiach in 1833; rinne sé taiscéaladh le F.R. Chesney ar bhealach na hEofraite go dtí an India; thrasnaigh sé an Tígris ón Airméin go Bagdad; ghlac sé ceannas ar chabhlachán in 1843; ba cheannasóir é i gCabhlach na hIndia in 1852; C.B., chuaigh sé ar scor in 1856; fuair sé bás i bPáras in 1873.
LYNCH, PATRICK EDWARD, saighdiúir; rugadh é i bPartraí thart ar an mbliain 1805; d’iontráil sé arm na hIndia in 1826; d’fhóin sé le saighdiúirí coise dúchasacha in go leor comhraic áitiúla; ba chónaitheoir polaitíochta é san Afganastáin in 1840-1; chuaigh sé ar scor agus céim mhaorghinearáil aige in 1878; fuair sé bás i bPartraí in 1884.
LYNCH, THOMAS KERR, taiscéalaí; rugadh é i bPartraí in 1818; cuireadh oideachas air in T.C.D., bhí sé i dteannta a dhearthár, Blosse, ar thuras taiscéalaíochta na hEofraite in 1837-42; bhunaigh sé líne bháid ghaile a saintógadh idir Bagdad agus an India; thaistil sé go forleathan, agus b’ardchonsal é ar a fhilleadh don Pheirs; fuair sé bás i Londain in 1891.
Lynn, an Dr Kathleen (1874-1955), rugadh í i Mullach Faraidh, Cill Ala, áit arbh é a hathair an reachtaire áitiúil, agus rinne sí feachtasaíocht, anuas ar a hobair leighis i rith a saoil ar son ghluaiseachtaí feimineacha agus náisiúnacha na linne sin. Tá úrscéal grafach ar shaol Kathleen Lynn ar fáil ag:
https://issuu.com/linenhallartscentre/docs/kathleen_lynn__rebel__activist__doc
MACBRIDE, JOHN (1865-1916), rugadh é i gCathair na Mart agus chuir sé a sheirbhísí ar fáil do Thomás Mac Donnchadha Luan Cásca 1916, agus ba é an Leascheannasaí i monarcha bhrioscaí Jacob i rith an éirí amach. Gabhadh é i ndiaidh an éirí amach, cuireadh faoi thriail armchúirte é agus gearradh pianbhreith an bháis air, agus cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann, an 5 Bealtaine 1916.
MACDONNELL, ANTHONY PATRICK, 1ú Tiarna; státaire; rugadh é sa tSraith, Maigh Eo in 1844; cuireadh oideachas air sa Chreig Riabhach agus i gColáiste na Banríona, Gaillimh; d’iontráil sé státseirbhís Bheangál in 1865; tugadh ardú céime aníos go gobharnóir gníomhach dó; K.C.S.I., 1893; P.C., 1902; chuaigh sé mar fho-rúnaí go Baile Átha Cliath chun tabhairt faoi bheartas déabhlóide agus ceannaigh talún; níor éirigh lena mhianta; chuaigh sé ar scor in 1908, tráth ar tugadh ardú céime go tiarna dó; fuair sé bás i Londain in 1925.
MCDONNELL, ENEAS, údar; rugadh é i gCathair na Mart in 1783; fuair sé bás sa Láithreach in 1858; cuireadh oideachas air i dTuaim agus Maigh Nuad; ba bhall de Chumann an Bharra é; rinne sé eagarthóireacht ar Cork Chronicle in 1816, agus cuireadh chun príosúin é ar feadh sé mhí i ngeall ar alt; agus i gCill Mhaighneann in 1828, ag triail Ard-Easpag Trench Thuama; chuaigh sé go Londain mar ghníomhaire parlaiminte Chompántas na gCaitliceach, agus scríobh sé go leor paimfléad ar a shon; scríobh sé úrscéal amháin agus Letters, de mhéid 8vo in 1837. Dúirt Norbury agus é á fheiceáil aige ag fágáil theach an Ard-Easpaig Troy: “There’s the pious Eneas coming from the ‘sack’ of Troy”.
MACHALE, AN SÁR-OIRMHINNEACH JOHN, ardeaspag; rugadh é i dTobar na bhFiann, Maigh Eo in 1791; d’iontráil sé Maigh Nuad in 1807; rinneadh é a choisricean ina easpag in 1825; ardeaspag Thuama in 1834; bhí an-tóir air; “Leon Naomh Iarlatha”, faoi mar a thug Ó Conaill air; chuir sé in aghaidh Newman agus a ollscoile Caitlicí, agus bhí sé in adharca leis an gCairdinéal Cullen i ngeall air; thug sé cuairt ar an Róimh faoi dhó; ba chainteoir dúchais é, d’aistrigh sé Pentateuc, Melodies le Moore agus an Iliad go Gaeilge, agus scríobh sé filíocht Ghaeilge; scríobh sé go leor litreacha; fuair sé bás i dTuaim in 1881. (Scríobh an tUrramach B. O’Reilly faoina shaol).
MAXWELL, WILLIAM HAMILTON, úrscéalaí; rugadh é san Iúr in 1792; cuireadh oideachas air in T.C.D., B.A., 1812; oirníodh é ina shagart i gCeatharlach in 1813; sagart cúnta i gCluain Dalláin in 1813; ba reachtaire é i mBalla in 1820; scríobh sé ’Hara, Wild Sports of the West; Stories of Waterloo, Brian O’Linn, agus ficsin eile a raibh tóir orthu; History of Irish Rebellion of 1798, agus Life of Wellington; agus chuir sé leis na tréimhseacháin ba mhó; fuair sé bás in Musselburgh in 1850.
MOORE, GEORGE AUGUSTUS, úrscéalaí, rugadh é i Muc-chluain, an Baile Glas, Maigh Eo in 1852; ba é an mac ba shine le G.H. Moore, Feisire Parlaiminte (q.v.); cuireadh oideachas air in Oscott; rinne sé staidéar ar ealaín i bPáras, 1870-80; chuir sé faoi i Londain; cheil sé a dhánta luatha; d’fhill sé ar Éirinn; Ard-Sirriam ar Mhaigh Eo, 1905; déanann sé cur síos ar a shaol ansin ina thríológ, Hail and Farewell, 1911-14; bhain The Brook Kerith (1916) cáil amach dó mar mháistir próis Béarla; fuair sé bás in Chelsea in 1933.
Moore, Maurice George (1854–1939), saighdiúir agus polaiteoir, rugadh é an 10 Lúnasa 1854 ag Muc-chluain, an Baile Glas, Contae Mhaigh Eo.
MOORE, GEORGE HENRY, polaiteoir; rugadh é i Muc-chluain, Contae Mhaigh Eo in 1810; cuireadh oideachas air in Oscott agus Cambridge; Feisire Parlaiminte, Maigh Eo, 1847; bhain sé cáil amach i ngeall ar a shárbhronntanais óráidíochta; rinne sé an ghluaiseacht cearta tionóntaí a stiúradh tar éis 1855; baineadh a shuíochán de in 1857; bhí sé as láthair ón bParlaimint go dtí 1868, nuair a atoghadh é do Mhaigh Eo; thacaigh sé le maithiúnas agus Rialtas Dúchais; fuair sé bás i gContae Mhaigh Eo in 1870; ba é a mhac an t-úrscéalaí clúiteach. (Scríobh Maurice Moore faoina shaol).
NANGLE, AN TURRAMACH EDWARD, misinéir; rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1800; cuireadh oideachas air in T.C.D., B.A., 1823; oirníodh é ina shagart in 1824, chuir sé faoi in Acaill in 1834; bhunaigh sé scoil agus séipéal; bhunaigh sé clóphreas ónar eisigh sé irisleabhar míosúil, The Missionary Herald; scríobh sé go leor leabhar i mBéarla, agus leabhar gramadaí Gaeilge (ba chainteoir dúchais é); ba reachtaire é ar an Scrín in 1850; ba chonspóidí mór é; fuair sé bás in 1883 (Scríobh Henry Seddall faoina shaol).
O’CONNOR, CATHAL, Rí Chonnacht; “Cathal Mór Crobhdearg”; rugadh é i mBaile an Chalaidh, Maigh Eo thart ar an mbliain 1150; tháinig sé i gcomharbas ar a dheartháir, Roderick, 1201; insealbhaíodh é ag Tuilsce; d’aithin sé ceannas an Rí Eoin, ar fhreastail sé air faoi dhó; caomhnaítear dhá litir i Laidin a scríobh sé in Oifig na dTaifead; bhunaigh sé mainistreacha ag Baile Átha Luain, Cnoc Muaí agus Baile an Tobair; fuair sé bás in 1224.
O’HART, JOHN, ginealeolaí; rugadh é in 1824; cuireadh oideachas air go háitiúil; d’iontráil sé an R.I.C.; d’éirigh sé as agus rinneadh máistir scoile de ag an Rinn; F.R.S.A.I.; d’fhoilsigh sé Irish Pedigrees, 1876, ar eisíodh go leor eagrán de; Irish and Anglo-Irish landed Gentry, 1884, agus saothair eile; fuair sé bás i gCluain Tarbh, 1902.
O'Malley, Ernest Bernard (‘Ernie’) (1897-1957), rugadh é i gCaisleán an Bharraigh agus ba Phoblachtach Éireannach é i dtosach a ndearnadh údar agus file de ina dhiaidh sin.
O’MALLEY, GEORGE, ginearál; rugadh é i Maigh Eo thart ar 1780; throid sé mar óglach in aghaidh Humbert, 1798; d’iontráil sé an 13ú reisimint, 1800; d’fhóin sé san Éigipt agus in Iamáice; ghlac sé ceannas ar an 44ú reisimint ag Waterloo, áit ar gortaíodh faoi dhó é, agus caitheadh piléar le dhá chapall a bhí faoi; coirnéal, na Connaught Rangers, 1825; maorghinearál, 1841; fuair sé bás i Londain in 1843; tá dealbh de ag Caisleán an Bharraigh.
GRÁINNE Ó MÁILLE, “Gráinne Mhaol”; rugadh í i Maigh Eo thart ar an mbliain 1530; phós sí Dónal Ó Flaithearta i dtosach, agus Risteárd de Búrca ina dhiaidh sin; “a most famous feminine sea captain” (Sidney); “nurse of all the rebellions in the province for forty years” (Bingham); luadh riamh anall gur thug sí cuairt ar Bhanríon Eilís, agus deirtear gur ghoid sí an t-oidhre ó Caisleán Bhinn Éadair ar fhilleadh di; deirtear go bhfuair sí bás beo bocht, thart ar an mbliain 1600.
ORMSBY, JOHN, scoláire; rugadh é i Mainistir Gartner thart ar an mbliain 1829; cuireadh oideachas air in T.C.D., B.A., 1843; scríobh sé go leor ábhair d’athbhreithnithe na n-uaisle; bhain sé cáil amach mar dhreapadóir Alpach; d’aistrigh sé The Cid go filíocht agus prós Béarla, agus Don Quixote, 1885; fuair sé bás in Ramsgate, 1895.
OWENSON, ROBERT, aisteoir; rugadh é in Tyrawley, 1744; ba é a fhíorainm MAC OWEN; athair Lady Morgan; chuir Goldsmith Garrick in aithne dó, agus ghlac sé le ballraíocht de “An Cumann” ó 1776 go dtí 1798, bhainistigh sé amharclanna i mBaile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus áiteanna eile; deirtear gur chum sé fonn “Rory O’More”; ní raibh a shárú ann ar an “Madraheen Rhu” a chanadh; fuair sé bás i mBaile Átha Cliath, 1812.
RAFTERY, ANTHONY, file Gaelach; rugadh é i ngar do Choillte Mach, 1784, agus fuair sé bás ansin Oíche Nollag 1834; tháinig daille air de bharr bolgaí; d’fhoghlaim sé an veidhlín, agus rinneadh fánaí de; d’fhreastail sé ar aonaigh agus ar “patrúin” agus d’imir a amhráin i nGaeilge amháin tionchar mór ar na daoine; chan sé amhráin in aghaidh deachúna, agus mhol sé bua Uí Chonaill sa Chlár in 1828; chuala an móramh a chaoineadh faoi thragóid “Anach Cuan”; chuir Lady Gregory leac uaighe in airde os cionn a uaighe in 1900.
STAINES, MICHAEL JOSEPH (1885-1955): rugadh é i m Baile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo agus ceapadh Michael Joseph Staines ina Choimisinéir ar an nGarda Sibhialta ón 21 Feabhra go dtí an 9 Meán Fómhair 1922 faoi Acht an Gharda Sibhialta (Forálacha Sealadacha), 1923, ba é AN CHÉAD CHOIMISINÉIR AR GHARDA SÍOCHÁNA NA HÉIREANN.
STOCK, RT. AN TURRAMACH JOSEPH, easpag; rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1740; cuireadh oideachas air in T.C.D., B.A., 1761; ba reachtaire ar Conwall é; ba phríomhoide é ar scoil Phort Abhla, 1795-7; b’easpag é ar Chill Ala, 1798; chuir na Francaigh chun príosúin é faoi Humbert; scríobh sé cuntas suimiúil ar What Passed at Killala, 1799; bhog sé go Port Láirge, 1810 agus é ina scoláire éachtach agus ina shátheangeolaí, 1813.
TAYLOR, JOHN FRANCIS, óráidí agus iriseoir; rugadh é i gContae Mhaigh Eo thart ar an mbliain 1850; ghlac sé le ballraíocht de Chumann an Bharra, 1882; Cumann Barra Shasana, 1890; Q.C., 1892; scríobh sé Life of Owen Roe; bhí sé ina chomhfhreagraí ar feadh go leor blianta leis an Manchester Guardian; b’abhcóidí cumasach é; bhí sé i measc na scríbhneoirí ab iomráití de bharr an mhéid a chur sé leis na léirmheasanna ba mhó; “in the opinion of good judges the finest Irish orator of his time” (O’Donoghue); fuair sé bás i mBaile Átha Cliath, 1902.