Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht Chultúrtha

Oidhreacht Chultúir Dhóláimhsithe


Tagraíonn oidhreacht chultúir dholáimhsithe do ‘na cleachtais, an cur i láthair, na léirithe, an t-eolas, na scileanna – anuas ar na huirlisí, na hearraí, na déantáin agus na spásanna cultúrtha’.

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú i Nollaig  2015. Tagraíonn oidhreacht chultúir dholáimhsithe do ‘na cleachtais, an cur i láthair, na léirithe, an t-eolas, na scileanna – anuas ar na huirlisí, na hearraí, na déantáin agus na spásanna cultúrtha a bhaineann leo – a aithníonn pobail, grúpaí agus, i gcásanna áirithe, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.  

Déanann pobail agus grúpaí an oidhreacht chultúir dholáimhsithe seo, a tugadh aníos ó ghlúin go glúin, a athchruthú go seasmhach mar fhreagairt dá dtimpeallacht, dá n-idirghníomhú leis an dúlra agus lena stair, agus tugann sí braistint féiniúlachta agus leanúnachais dóibh, a dhéanann meas ar éagsúlacht chultúrtha agus cruthaitheacht dhaonna a chur chun cinn ar an gcaoi sin.

Tá Fardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe na hÉireann ceaptha oidhreacht chultúrtha bheo na hÉireann a chur chun cinn, a chosaint agus a cheiliúradh. Déantar aitheantas oifigiúil Stáit a thabhairt tríd an bhfardal do chleachtais chultúrtha fud fad na hÉireann.

Glacann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le Léiriú Spéise don Fhardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe ar bhonn leanúnach, agus é ina sprioc cultúr beo na hÉireann a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn trí aitheantas oifigiúil Stáit. Féach anseo chun teacht ar eolas breise.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha