Tionscadal Taifeadta Ainmneacha Páirce Mhaigh Eo
Tugadh ainmneacha páirce aníos ó ghlúin go glúin agus is cuid luachmhar iad den oidhreacht áitiúil a dhéanann cur síos ar thopagrafaíocht agus ar lonnú pobal áitiúil. Is minic nach mbíonn an t-eolas seo ach ag na daoine áitiúla a chónaíonn ar an talamh agus/nó a shaothraíonn an talamh. Mar gheall go bhfuil níos lú daoine ag saothrú na bpáirceanna siúd go rialta agus ar athruithe ar úsáid talún agus ar chleachtais feirmeoireachta, tá an t-eolas sárluachmhar seo á chailleadh.
Tá Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag tabhairt faoi thionscadal píolótach le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta le hainmneacha páirce Mhaigh Eo a chur i dtaifead le ceithre phobal i Maigh Eo. Tá mar aidhm ag an tionscadal seo eolas a chur i dtaifead ó na daoine ar caomhnóirí na hoidhreachta saibhre seo ó bhéal iad agus nasc luachmhar a sholáthar do stair fhisiciúil agus chultúrtha na bpobal seo do na glúnta amach anseo.