Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht Chultúrtha

Iarsmalanna Mhaigh Eo


Tá líonra músaem agus ionaid oidhreachta breactha timpeall Chontae Mhaigh Eo ina ndéantar gnéithe agus déantáin de go leor gnéithe den am atá imithe thart a bhailiú, a chaomhnú agus a thaispeáint, atá ina n-acmhainn shárluachmhar leo féin agus i dteannta a chéile lenár n-eispéireas uathúil don ghlúin reatha agus do na glúnta amach anseo a léiriú agus a chaomhnú.

Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe

Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh chéad bhrainse Ard-Mhúsaem na hÉireann a lonnaíodh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Fiosraigh scéal shaol na tuaithe in Éirinn idir 1850 agus 1950 tríd an mbailiúchán náisiúnta seo. I measc na dtaispeántán ar na ceithre urlár, tá déantáin agus taispeáintí bunúla, físeáin fhíorspéisiúla chartlainne agus scáileáin idirghníomhacha.

An Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn 

Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an Clár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn le caighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn i dtaobh aire a thabhairt do bhailiúcháin, agus baint amach na gcaighdeán siúd laistigh d’earnáil mhúsaem na hÉireann a aithint trí chreidiúnú. 

I measc na músaem i Maigh Eo a bhfuil páirt á glacadh acu sa chlár, tá: 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha