Gaeltacht Mhaigh Eo
Tá Gaeltacht Mhaigh Eo lonnaithe go príomha in iarthar an chontae agus tá trí cheantar ar leith inti: Tuar Mhic Éadaigh, ceantar Iorrais, agus leithinis an Chorráin agus cuid d’Oileán Acla.
Tá daonra 9,340 duine i nGaeltacht Mhaigh Eo (Daonáireamh 2016) agus is ionann sin agus 9.4% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
Chun teacht ar eolas breise, caith súil ar Oifig na Gaeilge