Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht Chultúrtha

Béaloideas Mhaigh Eo


Tá traidisiún saibhir staire béil i Maigh Eo. Cuireann ár dtraidisiún staire béil eolas ar fáil dár dtuiscint agus dár léirthuiscint ar ár n-oidhreacht ábhartha. 

Bailiúchán na Scol 

Bailiúchán béaloidis atá i mBailiúchán na Scol a bhailigh leanaí scoile in Éirinn sna 1930idí. Chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann tús leis agus bhailigh scoláirí ó 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann idir 1937 agus 1939 thart ar 740,000 leathanach (288,000 leathanach i leabhair chleachtaidh féin na scoláirí; 451,000 leathanach in imleabhair cheangailte) de bhéaloideas agus de thraidisiún áitiúil.

Iniúchadh ar Thaifeadtaí Staire Béil Mhaigh Eo 

Beidh an Oifig Oidhreachta ag tabhairt faoi iniúchadh ar thaifeadtaí staire béil le cineál agus méid an ábhair a dheimhniú a bhí á choinneáil i dtaisclanna agus i mbailiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. 

Cartlann Dhigiteach Thuras Siar 

Fuarthas cistiú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in 2018 faoina Clár Nuálaíochta Digití le bailiúchán fairsing staire béil agus béaloidis a dhigitiú, a chatalógú agus a chartlannú ó cheantar Iorrais, a bhailigh Pap agus Catherine Murphy in Turas Siar ar an Muirthead le himeacht roinnt mhaith blianta.

Tá sa bhailiúchán stair bhéil a rinneadh a thaifeadadh, béaloideas, taifeadtaí ceoil nach dtagtar go minic orthu, eolas ginealais, grianghraif, stair Ghaeilge, stair logainmneacha agus a mbunús.

Tá eolas breise ar fáil ar shuíomh gréasáin Chartlann Dhigiteach Thuras Siar

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha