Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: Bálseomraí Mhaigh Eo


Ba í Maigh Eo tír na mílte damhsa sna 1960idí agus go luath sna 1970idí. Bhí an halla damhsa i gcroílár shaol sóisialta an chontae agus bhí a mhéid le 80 bálseomra agus ionad damhsa i Maigh Eo féin. Ón gcontae a bhí roinnt de na seó-bhannaí ba mhó – Seó-Bhanna Jack Ruane, Doc Carroll and his Royal Blues, Shay Cribben with The Riviera, agus Banna Brose Walsh. Bhí i Maigh Eo roinnt de na bálseomraí ba bhreátha sa tír, idir an Moyland i mBéal an Átha agus an Palm Court i mBéal an Mhuirthead agus Bálseomra clúiteach an Pontoon

Clár faisnéise é Bálseomraí Damhsa agus Rómhánsaíochta Mhaigh Eo ar hallaí damhsa agus a ról i saol sóisialta agus cultúrtha Mhaigh Eo. Léirigh iMayo TV agus Henry McGlade é le cistiú ó Éire Ildánach. Cuimsítear sa scannán a mhaireann uair an chloig gach gné de ré órga na hallaí damhsa. Tá sé bunaithe ar agallaimh leo siúd a bhí ag damhsa agus a sheinn ceol i hallaí Mhaigh Eo sna caogaidí, na seascaidí agus na seachtóidí.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha