Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: David Munnelly


David Munnelly

Tugtar "The Bullet from Belmullet" ar David Munnelly i measc grúpaí ceoil (Marc a dó, is é Willie Joe Padden an ‘bullet’ bunúil!), agus déanann seo cur síos ar an treallús agus an díograis a chothaíonn sé ina cheol. Tá sé ar cheann de na seinnteoirí is fearr in Éirinn ar an mbosca ceoil agus sheinn sé le go leor de na grúpaí is fearr sa réimse ceoil thraidisiúnta, Dé Danann agus The Chieftains san áireamh. Faoi mar a thugann a ‘theideal’ le fios, is as Béal an Mhuirthead dó ó dhúchas agus d’imir a sheantuismitheoirí tionchar mór ar an bhforbairt a tháinig go luath air ó thaobh ceoil. Luann sé chomh maith go raibh Deartháireacha Flanagan ina dtionchar mór freisin. D’eisigh sé a chéad albam aonair, ‘Swing’ in 2001 agus tá meascán ann d’fhoinn thraidisiúnta agus de phíosaí ceoil a chum sé féin. Chuaigh sé ar turas go forleathan lena bhanna, ina bhfuil a dheartháir níos óige, Kieran ar an bhfeadóg mhór agus an bodhrán, Daire Bracken ar an bhfidil, Gavin Ralston ar ngiotár agus an t-amhránaí Andrew Murray. Seinneann sé go rialta i dTeach Tábhairne Matt Molloy i gCathair na Mart, áit a gcloiseann na custaiméirí a bhranda speisialta de cheol ardochtáin - ní cheadaítear ceol gan luaidhe!

Jock Cawley's jigs 
Windows Media Player

Baineadh 'Jock Cawley's' jigs' ón albam ‘Swing’ le David Munnelly, uimhir chatalóige DLCD002, agus tá sé ar fáil anseo le caoinchead ó Hummingbird Records.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha