Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: John agus Kevin McHugh


John and Kevin McHugh

Is as Béal Easa ó dhúchas do Kevin McHugh agus a mhac, John. Bhronn a athair agus a uncailí agus a mháthair an ceol ar Kevin le hoidhreacht agus thosaigh sé le ceol a sheinm ag damhsa tí ó aois ceithre bliana d’éag. Sheinn sé le roinnt mhaith bannaí, Banna Céilí Bhéal Easa san áireamh sna 1960idí. Caithfidh gur cheoltóir é John McHugh agus an ceol go smior ina mhuintir. Thosaigh sé leis mbainseó agus thosaigh sé ag seinm na fidle ina dhiaidh sin agus tá cáil air timpeall na tíre mar sheinnteoir agus mar mhúinteoir. Tá stór chomh mór sin fonn aige nach mbíonn air suí díomhaoin ag seisiún traidisiúnta ach go fíor-annamh nó fiú riamh. Seinneann sé, cosúil le David Munnelly, go rialta i dTeach Tábhairne Matt Molloy i gCathair na Mart. Ball den ghrúpa Céide é le Brian Lennon, Declan Askin agus le daoine eile ó Bhéal Easa – Tom agus Kevin Doherty. Tá albam amháin eisithe ag an ngrúpa go dtí seo, "Like a Wild Thing".

Adam & Eve jigs 
Windows Media Player

Is ón albam ‘Fidiléirí’ iad ‘Adam & Eve jigs’, uimhir chatalóige Dreoilín 005, agus tá sé ar fáil anseo le caoinchead ó Joe Byrne, Dreoilín.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha