Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: Emer Mayock


Emer Mayock

Is as an Ros i gCaisleán an Bharraigh do Emer Mayock ó dhúchas agus is í an duine is óige i gclann chúigir ar ceoltóirí gach duine díobh. D’fhoghlaim sí conas an fheadóg stáin a sheinm nuair a bhí sí an-óg agus tá an fheadóg mhór (an gléas is mó a sheinneann sí), an fhidil agus na píb uilleann á seinm ó shin i leith aici freisin. Eisíodh a céad albam, ‘Merry Bits of Timber’ in 1996 agus is é a dara halbam, ‘Playground’, a eisíodh in 2001 faoina lipéad féin, Is Mise. Anuas ar fhoinn thraidisiúnta, tá trí phíosa ceoil déag a chum sí féin san albam seo. Chum sí ceol freisin do sheónna amharclainne agus do chláir faisnéise. Tá an fheadóg mhór agus na píb uilleann á seinm aici ó 1999 le Afro Celt Sound System. Sheinn sí dá n-albam a ainmníodh do ghradam Grammy, ‘Volume 3’ agus chuaigh sí ar turas ar fud an domhain leis an mbanna.

The fickle lad  
Windows Media Player

Is ón albam ‘Playground’ le Emer Mayock é 'The fickle lad’, uimhir chatalóige Is Mise 001, agus tá sé ar fáil anseo le caoinchead ó Is Mise.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha