Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: Joe Byrne


Joe Byrne

Tá Joe Byrne ón Achadh Mór ar dhuine de na daoine is fearr aithne i gcúrsaí ceoil thraidisiúnta i Maigh Eo, mar cheoltóir agus mar chraoltóir araon. Seinnteoir mór le rá na feadóige móire é agus d’fhreastail sé ar sheisiúin thraidisiúnta ar feadh go leor blianta agus tá ceann de na glórtha is sainiúla déanta de le déanaí ar Mid-West Radio trína chlár ceoil thraidisiúnta a chraoltar oíche Shathairn. Tá an t-eolas agus an grá atá aige do gach gné de chultúr na hÉireann - an ceol, an teanga agus an litríocht - le sonrú ina chuir i láthair agus cúis éada do Mhícheál Ó Muircheartaigh an cumas atá aige aistriú gan stró idir an Ghaeilge agus Béarla. Múinteoir é ó thaobh gairm bheatha de, agus tá an-bhaint aige sa phobal áitiúil, go háirithe trína obair ar an irisleabhar stairiúil, Glór Achadh Mór, le scoil Uí Chionnaith/Uí Neachtain, ina ndéantar comóradh ar shaothair liteartha Bill Naughton agus P.D. Kenny agus amhráin agus ceol a bhailiú ó cheantar Mhaigh Eo Thoir. Eisíodh roinnt den ábhar a bailíodh i sraith caiséad agus leabhrán. Tá samplaí san áireamh anseo ina bhfuil Joe é féin, John agus Kevin McHugh agus John Kelly.

Cliceáil anseo le héisteacht leo. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha