Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceoltóirí agus Ceol Mhaigh Eo: Seán Smyth


Sean Smyth

Rugadh Seán Smyth sa tStráid i ngar do Bhéal Easa, áit bhreithe Michael Davitt. Ó theaghlach an-cheolmhar é agus ceoltóirí an-chumasacha iad a dheirfiúracha, Cora agus Breda, chomh maith. Ba sheaimpín feadóige agus fidle Uile-Éireann é. Scaoileadh a chéad albam aonair, "The Blue Fiddle” in 1993 agus bhain sé ardmholadh ó na léirmheastóirí agus ainmníodh i nuachtán an Irish Echo é i measc na ndeich n-albam is fearr den bhliain sin. Ball bunaidh an ghrúpa Lúnasa é ina bhfuil Kevin ar an bhfeadóg mhór, Trevor Hutchinson ar an dord, Donagh Hennessy ar an ngiotár agus Cillian Vallely ar na píoba. Scaoil an grúpa lena gcéad albam “Lúnasa" in 1997, agus scaoileadh "Otherworld" in 1999 agus "The Merry Sisters of Fate" in 2001.

McKillops   
Windows Media Player

Baineadh 'Jim McKillop's Reel' ón albam ‘The Blue Fiddle’ le Seán Smyth, uimhir chatalóige LUNCD060, agus tá sé ar fáil anseo le caoinchead ó Mulligan Records.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha